Gaelscoil na Daróige

Ní neart go cur le chéile


welcom back Irish.pdf

Nóta ón Phríomhoide

Fáilte romhaibh chuig Gaelscoil na Daróige,

Más rud é go bhfuil aithne agat orainn, beidh a fhios agat gur scoil muid atá ag fás go tréan, i méid agus i ndíogras.

Muna bhfuil, tá muid suite i gcroílár Bhaile Mhic Rabhartaigh i nDoire agus cé go bhfreastalaíonn muid go príomha ar an cheantar seo, cuirimid fáilte ar pháistí ó fud fad na cathrach.

Tá an páiste lárnach inár bhfealsúnacht scoile, atá roinnte idir gach ball foirne. Creidimid nach dtig oideachas d'ard-chaighdeán a chur ar fáil gan oideoirí d'ard-chaighdeán. Ar an ábhar sin, bíonn ár bhfoireann (cúntóirí, múinteoirí & príomhoidí ina measc) go síoraí ag cur lena n-eolas féin agus ag déanamh taighde ar na cur chuigí is nuálaí agus is éifeachtaí sa teagasc le go dtig leo an oideachas is fearr a thabhairt do dó pháiste.

Tá an suíomh seo ar fáil chun léargas níos fearr a thabhairt duit ar ár scoil, ach bhfearr arís dá dtiocfadh chugainn ar cuairt - buail isteach linn agus faigh fíor bhlaiseadh don mhéid atá ar fáil sa scoil iontach seo!

Is mise le meas,

Fiachra Ó Donghaile