Eolas na Scoile

Stair Ghaelscoil na Daróige

Bunaíodh Gaelscoil na Daróige ag coiste gníomhairí teanga díograsacha i gcuideachta le baicle beag tuismitheoirí fadfíseacha misniúla i 2005. Bhí dhá ghaelscoil sa chathair cheana féin ach bhí sé le feiceáil go raibh fórmhór na bpáistí ag fágáil na naíscoile i mBaile Mhig Rabhartaigh ag aistriú chuig an scoil mhór Bhéarla sa cheantar.

Thosaigh Gaelscoil na Daróige le naonar bpáistí i Rang1 agus ceapadh Oisín MacEó mar an chéad mhúinteoir agus phríomhoide. Bhí lear mór fuinnimh ag an fhoireann san am sin, ag cur ar fáil oideachas, clubanna iarscoileanna, iompar scoile agus rudaí eile go deonach den chuid is mó agus fuarathas an-tacaíocht ó na tuismitheoirí. Tugadh aitheantas agus maoiniú ón Roinn Oideachais don scoil den chéad uair i 2009 agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin. Tá spiorad na gceannródaithe luath le mothú fós i meon agus i gcur chuige phobal na scoile an lá atá inniu ann.